Tesla Motors
Is comhlacht é Tesla Motors, Inc. bunaithe i gCailifornia a dearaíonn, a dhéanann, agus dhíolann carranna leictreacha agus comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha.
(2022) | |||||
Ainmnithe in ómós | Nikola Tesla | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | monaróir carranna fiontar corparáid gnó | ||||
Foirm dlí | For-Profit Corporation | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1 Iúil 2003, Palo Alto | ||||
Bunaitheoir(í) | Martin Eberhard agus Marc Tarpenning | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Táirge | luach anaithnid, Tesla Roadster (first generation) (en) , Tesla Model 3, Tesla Model X, Tesla Model S, Tesla Powerwall (en) , Tesla Model Y, Tesla Powerpack (en) , Tesla Solar Roof (en) , Tesla Solar Panels (en) , Tesla Supercharger network (en) , Tesla Megapack (en) , gluaisteán leictreach, electric truck (en) , ceallra ian litiam agus solar panel (en) | ||||
Ball de | LOT Network (en) | ||||
Stocmhalartán | (NASDAQ TSLA) - (FWB TL0) - () - (LSE 0R0X) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (2021–) | |||||
Uachtaránacht | Robyn Denholm (2018–) | ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Elon Musk (2008–) | ||||
Líon fostaithe | 140,473 (2023) | ||||
Úinéir | Elon Musk (20.8%). Baillie Gifford (en) (7.6%). Capital Ventures International (en) (6.7%). Capital Group Companies (5.9%). Larry Ellison (1.7%). | ||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | Giga Nevada (en) Gigafactory Mexico (en) Giga Shanghai (en) Tesla Fremont Factory (en) Gigafactory Berlin-Brandenburg (en) Gigafactory Texas (en) Giga New York (en) | ||||
Cuid de | NASDAQ-100 S&P 500 Natur-Aktien-Index (2016–) | ||||
Iar-ainm | |||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Cothromas iomlána | 30,189 M$ (2021) | ||||
Ioncam iomlán | 96,773 M$ (2023) | ||||
Glanbhrabús | 14,997 M$ (2023) | ||||
Sócmhainní iomlána | 62,131 M$ (2021) | ||||
Eile | |||||
Uimhir teileafón | +1-877-798-3752 | ||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | tesla.com | ||||
Is comhlacht poiblí é Tesla Motors a thrádálann ar an stocmhalartán NASDAQ faoin siombail TSLA.
Bhí sé ráite sa bhliain 2013 ag Elon Musk, príomhoifigeach feidhmiúcháin an chomhlachta, go bhfuil sé de rún ag Tesla bheith ina carr-dhéantúsóir neamhspleách, a mbeadh dírithe sa deireadh thiar ar charranna leictreacha a mhais-tháirgeadh go hiomlán, ar phraghas réasúnta chuig an gnáth thomhaltóir.
Stair
cuir in eagarSa bhliain 2001, rinne Meiriceánach darbh ainm Martin Eberhard a shaibhreas i Silicone Valley, agus d’úsáid sé féin agus cúpla cara dá chuid a gcuid airgid chun comhlacht gluaisteán nua-aimseartha a chur ar bun. Tesla Motors an t-ainm a thug siad air, in ómós do Nikola Tesla, an t-innealtóir agus ceapadóir Seirbiach a fuair bás i 1943. (Ba eisean an chéad duine a mhol sruth ailtéarnach a úsáid chun leictreachas a tharchur).[1]
Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach sé ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán sna 1990idí, bhí rud amháin soiléir dó: “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint.”[1]
Mar sin, rinne sé féin agus a fhoireann gluaisteán leictreach thar a bheith éagsúil a dhearadh, carr spórtúil, ar féidir leis níos mó ná 200 ciliméadar san uair a dhéanamh, ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim (ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige).
Shocraigh na hinnealtóirí go ndéanfaidís gluaisteán ar ardchaighdeán ar dtús, a chruthódh go raibh an teicneolaíocht i gceart agus a mheallfadh airgead chun gluaisteáin eile a fhorbairt.
Tá cáil ar Elon Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.
Bhí praghas €80,000 ar an “Tesla Roadster” sa bhliain 2006 agus tháinig an chéad sraith cheart (100 feithicil) amach sa bhliain 2007. Nuair a d’fhoilsigh Tesla Motors a phlean in 2006, fuair siad neart iarratas ó dhaoine a bhí ag iarraidh gluaisteán a cheannach. Mar sin, agus in ainneoin an phraghais agus an fheithimh, bhí an chéad sraith ar fad díolta taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí timpeall céad duine sásta €80,000 a íoc ar ghluaisteán nár thiomáin siad riamh agus ar ghá fanacht bliain leis.[1]
Chuir Sergey Brin, duine den bheirt a bhunaigh Google, dhá Tesla Roadster in áirithe. Chuir an t-aisteoir George Clooney ceann amháin in áirithe. Ní raibh na Tesla Roadster ar díol ach i Meiriceá ag an am sin, agus i gceithre nó cúig cinn de bhailte móra amháin.[1]
Bhí Tesla Motors ag díol 2,000 go bliantúil ó 2009. An aidhm atá acu ná gluaisteáin leictreacha a dhéanamh “gnéasach” a dúirt an comhlacht ag an am.
2013
cuir in eagarSa bhliain 2013, phostáil Tesla brabúis don chéad uair i rith an chéad ráithe de 2013. bhain Tesla Motors Tesla aird fhorleathan amach as an Tesla Roadster a tháirgeadhth, an chéad charr spóirt iomlán leictreacha, agus ina dhiaidh sin as an Model E, salún sóchais a bhí go hiomlán leictreach.
Cuireann Tesla Motors comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha ar an mhargadh freisin, lena n-áirítear pacáistí de cheallraí ian litiam, le haghaidh carr-dhéantúsóirí eile, lena n-áirítear Daimler agus Toyota.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Pádraig Mac Éamoinn (DF 2006). "Íomhá nua na ngluaisteán leictreach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-11.