Réimse den dlí coiteann is ea tort.[1] Baineann dlí tort le héagóracha sibhialta.

Ní hionann é agus an dlí coiriúil (ina mbíonn an SIP (ionchúisitheoir an stáit) i mbun ionchúisimh) agus dlí conartha (ina mbíonn sárú ar chonradh faoi chaibidil).

Déanann tort iarracht damáistí airgid a bhronnadh ar dhuine a d'fhulaing éagóir. Is féidir le cás coiriúil agus cúis tort eascairt ón eachtra céanna.

I measc na dtort coitianta, tá

  • clúmhilleadh
  • neamart (faillí) - pléann an tort seo le dualgais chúraim (mar shampla an dualgas cúraim atá ar thiománaithe maidir le tiománaithe eile)
  • foghail (treaspás) - mar shampla: ionsaí nó príosúnú mídhleathach
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tort” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-08.
  NODES
Done 1